Chun tús a chur leis an suirbhé tomhaiseadh taobh amháin de thriantán amháin, bhí sé riachtanach go mbeadh an bonnlíne cruinn toisc go raibh an suirbhé iomlán ag brath air. Bhain an ionstraim a úsáideadh chun an bonnlíne a thomhas leas as an bprionsabal go gcúiteodh agus go gcealódh rátaí infhairsingithe dhá mhiotal dhifriúla a chéile agus go bhfágfaí faid iomlána na mBarraí Colby gan athrú. Breathnaíodh é in 1827-28 faoi iomairí chun luaineachtaí i dteocht a íoslaghdú thóg sé 60 lá an fad (thart ar 7.89 míle) a thomhas.
I 1960 tomhaiseadh an bonnlíne arís ag úsáid Teallúraiméadair agus an difríocht sa tomhas ag úsáid barraí Colby agus bhí an Teallúraiméadar thart ar 1 troigh thar fad 8 míle – cruthúnas de na caighdeáin arda agus den chruinneas a bhain le tomhas 1827.
Bhí an suirbhé bunaithe ar líonra triantán. Ba iad Ramsden agus Throughton agus Simms na chéad Teodailítí a úsáideadh. Bhí Teodailít trí troigh agus dhá throigh ann.
Ba é an chéad rud a bhí le déanamh ná creatlach na bpointí ar a mbunófaí na triantáin a aimsiú. Bhí taobhanna 150km ag roinnt de na triantáin.
D’úsáid ceannairí dúiche Teodailítí níos lú ansin chun breathnú ar an líonra triantánúil tánaisteach agus treasach. Ritheadh Línte Slabhra idir stáisiúin threasacha l ag seiceáil an fhaid ríomhairithe thriantánúil agus ag éascú foroinnt an triantáin le suirbhé slabhra mionsonraithe a dhéanamh ar gach bóthar agus rian.
Rinneadh suirbhéireacht agus léarscáiliú ar bhallaí agus ar fhálta, ar aibhneacha agus srutháin, ar thithe agus ar sciobóil.
Pointe Tagra Éireannach 1837 fosaithe ar Theach Solais an Phoill Bhig i gcuan Bhaile Átha Cliath le haghaidh príomh-leibhéaladh agus comhrianú na hÉireann. Cuireadh an Príomhlíonra i gcrích in 1843.
D’fhág an líonra tagarmharc ón gcéad leibhéaladh a rinneadh marc ar an tírdhreach i bhfoirm crobh préacháin a ghearr isteach i bhfoirgnimh ballaí agus droichead, Fágadh na sonraí sin in úsáid go dtí gur chuir Meánleibhéal na Mara ar fionraí é ag Ceann Mhálanna 1958.