Thomas Colby

Cuireadh an Maor Thomas Colby i gceannas ar an suirbhé agus é mar chúram air gan glacadh ach leis an rud ab fhearr a d’fhéadfaí a bhaint amach. Leag sé síos caighdeáin a ndearnadh aithris orthu beagnach i ngach áit ar fud an domhain. Thosaigh sé amach trí oiliúint a chur ar na suirbhéirí i modheolaíocht agus deighilt saothair a chinnteodh comhleanúnachas ar fud an tsuirbhé ar fad in Éirinn.

Dhear sé na ‘barraí cúitimh’ chun an bonnlíne ar chladach Loch Feabhail a thomhas leis an gcaighdeán cruinnis ab airde.

Déanann grúpa amháin fear an triantánú, grúpa eile an tsuirbhéireacht, grúpaí eile ag breacadh síos na dtoisí ar pháipéar, greanadh, iad a laghdú go scálaí níos lú, iad a phriontáil, agus mar sin de. Tá daoine eile freagrach as na logainmneacha, seaniarsmaí, agus as cur síos a dhéanamh ar cibé rud a d’fhéadfadh a bheith ar an talamh, an léiriú ceart ar thalamh ag dul le fánaí ar léarscáil, agus leibhéal na farraige.

Thomas Drummond

Suirbhéir, aireagóir agus polaiteoir. Chuaigh sé ag obair leis na hInnealtóirí Ríoga in 1815 agus, fuair ardú céime go Leifteanant, agus ba ghearr go raibh sé ina shuirbhéir le Suirbhéireacht Ordanáis Éireann.

Is é Drummond i dteannta (an phoitigéara as Sasana, Goldsworthy Gurney) a bhain clú amach de bharr forbairt an ‘spotsolas’ féin, atá bunaithe ar bhloc aoil a dhó i lasair hidrigin-ocsaigin te, agus as sin cruthaítear solas fíor-shoilseach go deo. Bhí an-éileamh air sin mar fhoinse solais i dtéatair agus a ainm dá réir ‘sa spotsolas’.

Chuir sé an spotsolas in oiriúint ansin agus chruthaigh “Solas Drummond”, rud éigin cosúil leis an bhfrithchaiteoir heliostat, a d’úsáid ‘spotsolas’ agus bhíothas in ann é a fheiceáil i bhfad ó bhaile leis sin. D’fhónaimh sé ina dhiaidh sin mar Fho-Rúnaí Stáit d’Éirinn, agus lena linn dúirt sé leis na tiarnaí talún a bhí as láthair “property has its duties as well as its rights” (1838) (tá dualgais, chomh maith le cearta, ag baint le réadmhaoin). Bhí sé ceannródaíoch freisin ag forbairt na n-iarnród in Éirinn.

Thomas Aiskew Larcom

Rinne Larcom staidéar ar an nGaeilge faoi Ó Dhonnabháin in 1818. Thuig sé an tábhacht a bhí le hainmneacha ar léarscáileanna agus gach gné den fhaisnéis áitiúil orthu. Tógadh nótaí ar Gnásanna Áitiúla, An Geilleagar, An Daonra, Stair agus Foirgnimh agus Seandálaíocht. Tugadh Cuimhní Cinn na Suirbhéireachta Ordanáis orthu ar tiomsaíodh go leor acu i bhfoirm dréachta ach níor foilsíodh iad mar gheall ar an gcostas a bhain leis. Ba é The Memoir of the Parish of Templemore an t-aon cheann a foilsíodh in 1837.

john_odonovan

D’oibrigh John O’Donovan le foireann scoláirí lena n-áirítear George Petrie agus Eugene O’Curry ar thaighde ar logainmneacha. Rinne siad taighde agus fuair siad amach bunús ceart 63,000 logainm bailte fearainn in Éirinn. Bhí aistriúchán Gaeilge agus Béarla Uí Dhonnabháin údarásach. Lean sé na suirbhéirí ag socrú litriú agus fuaimniú agus mhol sé leaganacha gallda iomchuí.

Tugtar “The O’Donovan Name books” ar thaifid den saothar sin. Meastar gur taifead tábhachtach de bhéaloideas ársa na hÉireann iad Donovans letters to Larcom (The OS Letters) do na contaetha sin a ndearna sé cuntas fúthu le linn dó a bheith ag taisteal ar fud na hÉireann ar fad, beagnach.

Ba iontach mar a chuir Ó Donnabháin le stair agus litríocht na hÉireann agus meastar gurb é duine de Mhór-Scoláirí na hÉireann é tráth dá raibh.