Tá athrú agus forbairt déanta ag Suirbhéireacht Ordanáis Éireann ón Oifig Suirbhéireachta Ordanáis a bunaíodh in 1824. Bhí an Oifig seo mar chuid den arm i dtús báire faoin Roinn Cosanta. Ba fhoireann mhíleata ar fad a bhí fostaithe ag an Oifig go dtí na 1970idí tráth ar earcaíodh na chéad fhostaithe sibhialta.
Cruthaíodh an Oifig Suirbhéireachta Ordanáis chun suirbhé a dhéanamh ar an oileán uile na hÉireann chun luachálacha talún a nuashonrú chun críche cánachais talún. Cuireadh an suirbhé bunúil ar scála 6 orlach le 1 mhíle i gcrích in 1846 faoi threoir an Maorghinearáil Colby. Bhí Éire ar an gcéad tír ar domhan dá bhrí sin a bhí mapáilte go hiomlán ar scála chomh mionsonraithe.
Stair Suirbhéireacht Ordanáis Éireann
I rith na suirbhéireachta a rinneadh ar an tír, bhí foireann na hOifige freagrach as roinnt forbairtí i gcleachtas suirbhéireachta. Idir spotsolas Drummond go dtí na barraí comhthreomhara démhiotalacha a úsáideadh chun fad slí a thomhas agus a rinneadh go dtí leibhéal cruinnis nár baineadh amach riamh cheana. Lean an spreagadh le hinniúlacht theicniúil a fheabhsú mar luach lárnach in obair shuirbhéireachta ordanáis go dtí an lá atá inniu ann.
Bhí an Oifig lonnaithe i dTeach Mhuinseo i bPáirc an Fhionnuisce. Tógadh Teach Mhuinseo an chéad lá riamh in 1728. Is ann a bhí marcthionlacan an Ard-Leifteanaint ina dhiaidh sin a bhí ag cur faoi i Lóiste Leas-Ríoga (Áras an Uachtaráin anois). Tá Teach Mhuinseo agus na foirgnimh máguaird fós mar cheanncheathrú againn.
Lean an Oifig ag feidhmiú faoi ghníomhaireacht na Roinne Cosanta ar feadh ceithre scór bliain go dtí 1924 nuair a haistríodh cúram lárnach na hoifige chuig an Roinn Airgeadais.
D’fheidhmigh Suirbhéireacht Ordanáis Éireann mar chuid de limistéar státseirbhíse an Rialtais go dtí 2002 tráth a raibh sé mar chomhlacht stáit faoin Acht um Shuirbhéireacht Ordanáis Éireann 2001. Faoin Acht sin, lean Suirbhéireacht Ordanáis Éireann dá fheidhm seirbhíse poiblí príomhshrutha de thaifid mhapála cinnte an Stáit a chruthú agus a chothabháil agus ghlac sí freisin leis an bhfeidhm thráchtála a sannadh di faoin Acht, is é sin a gnó tráchtála agus ioncaim ó dhíolacháin a fhorbairt.
Aistríodh an fhreagracht láir maidir le Suirbhéireacht Ordanáis Éireann ón Roinn Airgeadais chuig an Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha le héifeacht ón 1 Eanáir 2008.
Inniu, fostaíonn Suirbhéireacht Ordanáis Éireann 235 ball foirne atá lonnaithe i bPáirc an Fhionnuisce i mBaile Átha Cliath agus inár sé oifig réigiúnacha i gCorcaigh, Inis, Cill Chainnigh, An Longfort, Sligeach agus Tuaim.