Ár Sainordú
Tá an cuspóir atá againn, mar a thug an Rialtas údarás dúinn, leagtha síos san Acht um Shuirbhéireacht Ordanáis Éireann 2001 (arna leasú le hAcht na dTeangacha Oifigiúla 2003) agus luann na príomhfhreagrachtaí atá ag Suirbhéireacht Ordanáis Éireann, mar a leanas:
- An bonneagar fisiceach bunúsach a chothabháil agus a fhorbairt atá ag teastáil chun feidhmchláir mhapála a thacú, lena n-áirítear chun eangach náisiúnta agus creataí náisiúnta geodasacha agus airde a chothabháil agus chun iad a cheangal le córais idirnáisiúnta
- Bunachair shonraí mhapála agus gheografacha ghaolmhara a chruthú agus a chothabháil don Stát iomlán, a bhfuil comhsheasmhacht náisiúnta ábhair, saolré, stíle agus modha acu, lena n-áirítear do na limistéir sin nach soláthraíonn brabús tráchtála ar an ngníomhaíocht
- Faisnéis mhapála agus gheografach ghaolmhar a sholáthar do na hearnálacha poiblí agus príobháideacha chun tacú le feidhmeanna agus riachtanais sóisialta, eacnamaíochta, reachtaíochta, oideachais, slándála, gnó agus riaracháin
- Na tairbhí a bhaineann le húsáid a bhaint as bunachair shonraí náisiúnta mhapála agus ghaolmhara a spreagadh agus a chur chun cinn, agus táirgí, seirbhísí agus margaí a fhorbairt chun freastal ar riachtanais náisiúnta agus úsáideoirí
- Comhairle a thabhairt don Rialtas, d’Aire an Rialtais, do chomhlacht bunaithe ag nó faoi reacht agus d’aon eagraíochtaí eile san earnáil phoiblí ar ábhair a bhaineann leis an mbeartas agus leis an gcleachtas d’fhaisnéis shuirbhé, mhapála agus gheografach agus ar fhorbairt de bhonneagair náisiúnta bhunachair shonraí spásúla
- Ionadaíocht a dhéanamh don Stát ag leibhéal idirnáisiúnta ar ábhair a bhaineann le faisnéis mhapála agus gheografach
- An tacaíocht theicniúil is gá a chur ar fáil don Phríomh-Shuirbhéir Teorann i gcomhlíonadh a chuid nó a cuid dualgas i ndáil le teorainneacha reachtúla a theormharcáil agus a leithéid sin de theorainneacha ar léarscáileanna a dhílíniú
- Logainmneacha agus gnéithe seanda sna taifid náisiúnta mhapála agus ghaolmhara a léiriú i nGaeilge nó i mBéarla agus i nGaeilge
- Cóipcheart an Rialtais a chosaint ar thaifid, ar bhunachair shonraí, ar tháirgí agus ar ábhar foilsithe OSi, lena n-áirítear cóipcheart ar thaifid, ar bhunachair shonraí, ar tháirgí agus ar ábhar foilsithe OSi a rinneadh roimh an lá bunaithe.
Ráiteas Straitéise
Is é an Ráiteas Straitéise seo an seachtú ráiteas a d’fhoilsigh Suirbhéireacht Ordanáis Éireann a eascraítear i gcomhthéacs an Achta um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí, 1997.
Leanann an Ráiteas le cur leis an bpróiseas straitéiseach bainistíochta atá bunaithe go láidir i Suirbhéireacht Ordanáis Éireann agus é comhdhéanta de roinnt téamaí straitéiseacha atá deartha chun cuidiú leis an eagraíocht freastal go rathúil ar na dúshláin a bhaineann le timpeallacht atá ag athrú i gcónaí ina gcomhlíonann an eagraíocht a sainordú.
Bhí comhairliúchán le geallsealbhóirí ag gach leibhéal in ullmhú an ráitis seo.