CÓD IOMPAIR GNÓ do Chomhaltaí Bhord Shuirbhéireacht Ordanáis Éireann

Ceanglaítear sa Chód Cleachtais chun Comhlachtaí Stáit a Rialú (2001) ar na Comhlachtaí Stáit go léir chun “Cód Iompair Gnó” a fhorbairt agus a ghlacadh atá ceangailteach ar Chomhaltaí uile Bhord an Chomhlachta Stáit. Seo an chéad leagan dá mhacasamhail de Chód le haghaidh Bhord Shuirbhéireacht Ordanáis Éireann (OSi) agus leagtar amach ann i bhfoirm scríofa na caighdeáin phrionsabail agus chleachtais lenar comhaontaíodh a chuireann eolas ar fáil d’iompar Chomhaltaí an Bhoird.

Measfar gurb ionann an Cód seo agus cáipéis bheo a thiocfaidh chun cinn de réir mar a thagann athrú agus forbairt ar an eagraíocht agus leasófar é ar aon dul le riachtanais, caighdeáin agus ionchais athraitheacha.

BUNPHRIONSABAL

Déanfaidh Comhaltaí Bhord OSi dícheall, ag gach tráth, chun tabhairt faoina ndualgais i leith na gcaighdeán eiticiúil is airde. Buntacóidh prionsabail na HIOMLÁINE, NA DÍLSEACHTA, NA DLÍTHIÚLACHTA, NA RÚNDACHTA agus NA COTHROIME le gach déileáil a dhéanfar thar ceann na heagraíochta.

SCÓIP

Bainfidh forálacha an Chóid Iompair Gnó seo le Comhaltaí an Bhoird i dtaca lena ndualgais mar comhaltaí Bhord Shuirbhéireacht Ordanáis Éireann nó mar Chomhaltaí d’aon chinn dá Fho-Choistí, e.g. an Coiste Iniúchóireachta, an Coiste Luach Saothair, etc.

CÚLRA

An tAcht um Shuirbhéireacht Ordanáis Éireann, 2001

Bunaíodh Suirbhéireacht Ordanáis Éireann mar Chomhlacht Corparáideach le héifeacht ón 4 Márta 2002 faoi
fhorálacha an Achta um Shuirbhéireacht Ordanáis Éireann, 2001 ina dtugtar cuntas ar oibleagáidí áirithe maidir le tabhairt faoi ghnó na heagraíochta.

Ráiteas Misin OSi

Is é Misean Shuirbhéireacht Ordanáis Éireann “sármhaitheas i seirbhísí léarscáilithe agus faisnéise geografaí atá ar ardchaighdeáin a sholáthar chun freastal ar riachtanais na sochaí”.

Reachtaíocht Eitice

Meastar gurb ionann poist Chomhaltaí Bhord Shuirbhéireacht Ordanáis Éireann agus poist shainithe a fhorordaítear faoin Acht um Eitic in Oifig Poiblí, 1995 agus 2002.

Buanorduithe an Bhoird:

D’fhorbair agus oibríonn Bord OSi laistigh de shraith “Buanorduithe Bhord OSi” chun cabhrú le rialáil a dhéanamh
ar a ghnóthaí laistigh de na hoibleagáidí riachtanacha reachtaíochta agus de chreat dea-chleachtais.

Is féidir CÓD IOMPAIR GNÓ do Chomhaltaí Bhord Shuirbhéireacht Ordanáis Éireann (OSi) a íoslódáil anseo.

TUGADH AIRD, AR AN ÁBHAR SIN, AR GACH CEANN DE NA BREITHNIÚCHÁIN REACHTAÍOCHTA AGUS RIALÁLA THUAS NUAIR A BHÍ AN CÓD IOMPAIR GNÓ SEO Á FHORBAIRT DO CHOMHALTAÍ BHORD SHUIRBHÉIREACHT ORDANÁIS ÉIREANN.

“CÓD IOMPAIR GNÓ D’FHOSTAITHE” DE CHUID SHUIRBHÉIREACHT ORDANÁIS ÉIREANN

Ceanglaítear in “Cód Cleachtais chun Comhlachtaí Stáit a Rialú” na Roinne Airgeadais go nglactar le “Cód Iompair Gnó” atá ceangailteach ar Fhostaithe uile Comhlachtaí Stáit. Measfar gurb ionann an cháipéis seo agus an chéad leagan de Chód do OSi agus ba cheart caitheamh leis mar cháipéis bheo a thiocfaidh chun cinn de réir mar a thagann athrú agus forbairt ar an eagraíocht agus leasófar é ar aon dul le riachtanais, caighdeáin agus ionchais athraitheacha.

BUNPHRIONSABAL

Déanfaidh Comhaltaí Bhord OSi dícheall, ag gach tráth, chun tabhairt faoina ndualgais i leith na gcaighdeán eiticiúil is airde. Buntacóidh prionsabail na HIOMLÁINE, NA DÍLSEACHTA, NA DLÍTHIÚLACHTA, NA RÚNDACHTA agus NA COTHROIME le gach déileáil a dhéanfar thar ceann na heagraíochta.

PRIONSABAIL GHINEARÁLTA

Is iad na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis an gCód Iompair Gnó seo, a bhaineann le gach fostaí le OSi, gan aird ar leibhéal ná láthair:

  • IOMLÁINE
  • DÍLSEACHT
  • DLÍTHIÚLACHT
  • RÚNDACHT
  • COTHROIME

Is é an riachtanas lárnach nach mór dúinne, mar fhostaithe na heagraíochta, oibriú, agus go dtugtar faoi deara go bhfuilimid ag oibriú, i leith na gcaighdeán is airde d’eitic ghnó.

Is féidir an cháipéis An Cód Caighdeán agus Iompair d’Fhostaithe OSi a íoslódáil anseo.