Arch

Suirbhéireacht Ordanáis Éireann

Gníomhaireacht Náisiúnta Léarscáilithe na hÉireann

Tá fáilte romhat chuig suíomh idirlín agus siopa ar líne oifigiúil Shuirbhéireacht Ordanáis Éireann (SOÉ).

Suirbhéireacht Ordanáis Éireann tagtha chun cinn ó Oifig na Suirbhéireachta Ordanáis a bunaíodh in 1824, agus rinneadh comhlacht stáit uaidh ina dhiaidh sin faoin Acht um Shuirbhéireacht Ordanáis Éireann, 2001. Faoin Acht seo, lean Suirbhéireacht Ordanáis Éireann lena feidhm phríomhshrutha seirbhíse poiblí chun taifid chríochnaitheacha léarscáilithe an Stáit a chruthú agus ghlac sí leis an bhfeidhm thráchtála a sannadh di faoin Acht chun a hioncaim ó ghnó tráchtála agus díolacháin a fhorbairt.

Tá obair SOÉ buntábhachtach i dtaobh fhorbairt infreastruchtúir na hÉireann. Táthar ag aithint, diaidh ar ndiaidh, i measc cinnteoirí gur príomhghné é eolas agus tuiscint ar láthair i gcinnteoireacht éifeachtach. Chuige sin, dhear agus d’fhorbair SOÉ creat caighdeánaithe údarásach digiteach tagartha a éascaíonn tagairt agus comhtháthú comhsheasmhach sonraí náisiúnta a bhaineann le láthair. Soláthraítear sa chreat seo, ar a dtugtar PRIME2,an modh d’úsáideoirí sonraí Córas Faisnéise Geografaí (GIS) chun foinsí iolracha sonraí a chomhtháthú agus a úsáid go cruinn chun anailís agus cinnteoireacht níos fearr a sholáthar, acmhainní a bharrfheabhsú agus éifeachtúlachtaí a sholáthar.

Ar aon dul le forbairtí agus feabhsúcháin inmheánacha, tá ullmhú á dhéanamh ag SOÉ chun cónascadh a dhéanamh le dhá chomheagraíocht. D’fhoilsigh Frances Fitzgerald, T.D., an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais, Cinn agus Scéim Ghinearálta Bhille Tailte Éireann in Eanáir 2015, a dhéanann foráil do cumasc an Údaráis Chlárúcháin Mhaoine, na hOifige Luachála agus Shuirbhéireacht Ordanáis Éireann. Luaigh an tAire Fitzgerald: “Comhlíonann an cumasc…..ceann de cheanglais an Rialtais sa Chlár um Chuíchóiriú Gníomhaireachtaí. Tá coinne leis go n-eascróidh soláthar talún, sonraí spásúla agus seirbhísí riaracháin réadmhaoine níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí in Éirinn as bunú Thailte Éireann.”

Tá súil againn go mbaineann tú tairbhe as do chuairt, pé riachtanais a bhíonn agat. Tá go leor le fiosrú ann – caith súil ar ár gclibeanna faoi Táirgí (is féidir a cheannach ar líne anseo), ServicesSeirbhísí, Acmhainní agus Oideachas; ár Léarscáiliú Stairiúil agus is fiú i gcónaí spléachadh a chaitheamh ar ár bpostálacha blag , chomh maith.

Cuirimid fáilte i gcónaí roimh aiseolas agus tá ar an láithreán gréasáin foirm ar line ar féidir í a sheoladh chuig ár rannóg seirbhísí do chustaiméirí.